Gaedhilg Uladh
Irish

Gaedhilg Uladh

by

Bhí mé ag iarraidh postáil a dhéanamh in sa chanúint bhinn bhóidheach Uladh. Chan fhuil mé cinnte goidé a scríobh fá dtaobh do ach bhí mé ag éisteacht leis an chartlann Doegen le déanaí agus leis na daoine a rabh ag caint in sna seanchanúintí Uladh agus is í an Ghaedhilg ag na daoine sin chomh binn is saibhre. Tá mise ag iarraidh a leithid sin Gaedhilg a labhairt ós rud é gurb as Tír Eogháin mo mhuintir fhéin, ach is truaigh nach bhfuil a leithidí ann go foill. Ach i mo bharúil féin, ba rud maith é na seanchanúintí seo a fhoghlaim agus a húsaid aríst, fiú nach maireann siad go foill mar teangacha pobail. Cad chuige? Bhuel, mar i mo bharúil bheifí an rud cuí a dhéanamh ionas go mbeadh eolas ag daoine fá dtaobh do theangaidh a muintire sa tseanam agus ba bhealach maith é stair láithreacha Iarghaeltachta a mheas.

Fuaidh mé go dtí an suíomh idirlíon Doegen an chéad uair cupla bliana ó shin agus mé i ndiaidh léamh fá dtaobh dona canúintí a bhí á labhairt ag daoine in Aontroim, i dTír Eogháin is aráile (canúintí a rabh ann go dtí na 80idí is na 70idí faoi seach). Tá sé iontach suimiúil a bheith ag éisteacht leofa go háirithe le déanaí agus mé ag foghlaim Gaedhilg na hAlban. Tá barraíocht cosúlachtaí ann idir na seanchanúintí seo agus Gaedhilg na hAlban, go háirithe Gaedhilg Aontroma. Maidir leis an ghramadach, mar shampla, úsáideadh "-(a)ibh" in áit "-(a)igí" in sa Mhodh Ordaithe i gContae Aontroma, mar shampla "Ithibh do bhia" in áit "Ithigí do bhia." Fosta, bhí "bha" in áit "bhí" le cluinstin in Aontrom, agus bhí nós na mbriathar ar Reachlainn go ginearálta go mór mór cosúil leis an nós atá ar na briathair i nGaedhilg na hAlban i dteannta sin.

Fosta, tá foclóir na gcanuintí seo cosúil le foclóir Gaedhilg na hAlban (nó tá níos mó cosúlachtaí in sa chanúintí seo ná i gcanúintí eile fad fud na tíre). Bhí an focal "tunnóg" in úsáid i dTír Eogháin, fá na Speiríní, mar shampla agus sin "lacha fhia" agus in sa chanúint seo bhí lacha "lacha baile/feirme." Cha rabh a fhios agam sular thosaigh mé Gaedhilg na hAlban a fhoghlaim go bhfuil an t-idirdhealú céanna inti fosta, mar dúirt mo mhúinteoir go rabh, agus seo díreach rud amháin. tchíonn mé i gcónaí rudaí mar sin agus mé ag dul ar aghaidh ag foghlaim, agus is breá liom na cosúlachtaí idir an dá theangaidh a fheiceáil.

Seo daoibh focail éagsúla eile a bhaineann le canúint Tír Eogháin, "dlítheamhnach," focal a chiallaíonn "dlíodóir," "téanamh" in áit "déanamh," "nas" in áit "níos" (agus seo é rud eile atá cosuil le Gaedhilg na hAlban!) agus barraíocht rudaí eile atá iontach suimiúil a fháil amach!

Tig libh roinnt eolais a fháil fá dtaobh don tseanchas fosta, mar gheall ar na nótaí a mbíonn ar achan leathanach le míniú a chur orthu. Fiú nach bhfuil blas na seanchanúintí seo de dhíth oraibh, is acmhainn iontach maith í ar son foghlama. Má tá an t-am agaibh a bheith ag éisteacht leis an chartlann seo, mholfainn daoibh sin a dhéanamh, tá an teangaidh agus an seanchas ann chomh suimiúil is tábhachtach.

1