Stair Phobail na nGael Nua-Albanach
Irish

Stair Phobail na nGael Nua-Albanach

by

culture
history

Seo cuid den scéal na nGael Albanach in Alba Nua:

Is eol do daoine in Alba Nua ar an Bhád Hector mar tús imirce na nGael Albanach go Alba Nua, ach níl sin ceart go iomlán. Bhí imirce ó hAlba ag tharlú sular tháinig Bád Hector go Alba Nua, ach d’éirigh an imirce níos láidre tar éis sin. 

Cén fáth ar d’éirigh sí níos láidre? Bhí an chuid is mó daoine ag teacht go Ceanada mar gheall ar Glanadh na hArdchríche Albanacha. Bhí a lán daoine gan baile, agus gan talamh ag iarraidh a saoil a fheabhsú, agus sin an fáth gur tháinig bailte iomlán go Alba Nua agus Prince Edward Island (P.E.I) sa tréimhse seo. 

Ainmníonn scoláirí an cineál imirce seo, “imirce shlabhrúil” (nó “chain migration” i mBéarla). Mar nuair a tháinig duine amháin as baile éigin in Alba, bhíodh siad ag seol litreacha ar ais go hAlbain agus d’inseodh siad lena dteaghlaigh go raibh an saol níos fearr sa domhain nua, agus tháinig slua daoine trasna na dtonnta.

 Agus maidir leis sin, níor tháinig daoine óige amháin (bhí sin an gnáthrud), agus  is é píosa tábhachtach maidir le imirce shlabhrúla, gur tháinig seandaoine agus teaghlaigh iomlán go dtí an domhan nua. Seo é an bealach go raibh siad in ann pobail Gael láidre a bhunú, mar tháinig gach saghas duine, agus a gcuid fios cultúra agus a seanchas. 

Bhí siad beagnach in ann a mbailte a tógáil arís, (tá sé níos crosta ná sin, ach is é sin bealach maith a bheith ag smaoineamh fá dtaobh do). Agus is iad seo na bailte agus an cultúr atá fós beo in Alba Nua an lá atá inniu.

Mar gheall ar an imirce ó hAlbain, mar gheall ar Glanadh na hArdchríche, agus Éireanaí gur tháinig go Ceanada mar gheall ar an Ghorta Mór fosta. Bhí “Teangacha Gaelacha” nó “Gaelic” mar a dúirt an rialtas ag an am sin, an teanga tríú is labhartha i gCeanada ag an am. Agus, bhí Alba Nua agus P.E.I. na háiteanna ina raibh an chuid is mó den chainteoirí Gaeilge na hAlbain ina gcónaí, ach bhí na Gaeil in Ontario agus áiteanna éagsúla ar fud na tíre fosta. 

Áfach, bhí an chuid is mó lucht labhartha Gaelige i dTalamh an Éisc (Newfoundland), (an formhór ba daoine ó Port Láirge iad, agus tháinig a lán díobh riamh an Górta Mór),  agus i gcathracha éagsúla ar fud Ceanada. Bhí cainteoirí dúchas in Halifax Alba Nua timpeall 1900 go fóill mar shampla.

Ach, amach Talamh an Éisc ní raibh na hÉireannaigh in ann bailte láidre le Gaeilge mar teanga an phobail a bhunú. Bhí pobail Éireannaigh ann gan amhras, ach stad siad ag caint Gaeilge. 

Bhí an teanga  labhartha go chomh forleathan gur mhol an Seanadóir Thomas Robert McInnis bille i bParlaimint Chanada in 1890 fá dtaobh di. Bhain an bille triail as Gaeilge na hAlbain  nó “Gaelic” (ionas go raibh Gaeilge na hÉireann i gceist fosta i ndáiríre) a dhéanamh tríú Teanga Oifigiúil na Ceanada. 

Theip an bille faraor, cé go raibh céad mile duine ag labhairt teangacha Gaelacha, ar a laghad, agus go raibh Gaeilge nó Gaeilge na hAlbain ag timpeall fiche Seanadóirí mar a dteangacha dúchas ag an am sin. Dá níor theipeadh sé, bheadh stadas níos láidre bainte  ag an teanga i gCeanada ná go mbeadh sa tír fhéin go dtí beagnach céad bliana sa tódhchaí.

Níor athraigh an idé-eolaíocht, áfach, bhí siad fós ag síleadh nach raibh sé an rud cuí teangacha Gaelacha a húsáid i gcúrsaí rialtas. Teanga na bhfilí a bhí ann de réir an rialtais Cheanadach agus na cainteoirí dúchas féin. Ní raibh an ceart acu, ach tá a fhios againn fá sin anois.

Ach, cé go raibh sin argóint in aghaidh na teanga, bhí na filí ann, agus bhí an traidisiún filíochta ansin chomh láidre, go raibh sé ráite go raibh file ag gach sráidbhaile. Bhíodh seanchas agus filíocht saibhre in Alba Nua, agus tá go fóill. Tá amhráin, scéalta, agus dánta, ó hAlbain agus cinn a raibh scríofa in Alba Nua, fós píosa tabhachtach sna háite. 

Chomh maith leis sin, bhunaigh nuachtán seachtainiúil i nGaelige na hAlbain amháin a raibh ar súil níos faide ná aon cheann eile in 1892 in Alba Nua, agus níor stad sé a bheith foilsithe go 1904. Bhí léitheoirí ag an nuachtán ar fud an domhain fosta, ó Alba go dtí an Nua-Shéalainn.  “Mac Talla,” ab é an t-ainm atá air, (macalla i nGaelige).

0