Cén fath Gaeilge? Agus conas a thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge.
Irish

Cén fath Gaeilge? Agus conas a thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge.

by

non-fiction
language learning
lifestyle
family
introduction

Cén fáth Gaeilge? Bhuel, rugadh agus tugadh mé i Meiriceá. Ach is as Éirinn do mo sheanthuismitheoirí. D'fhás mé suas ag cloisteáil faoin Éirinn agus d'éirigh sé píosa mór mo fhéiniúlacht. Tá aithne agam mo theaghlach ina gcónaí in Éirinn fós, ach níl aon Gaeilge acu. Áfach d'inis siad dom faoin teanga nuair a bhí mé níos oige. Tá bród orthu faoin teanga cé go bhfuil ní labhróinn siad í mar tá fhios acu go bhfuil sé rud éigin suimiúil faoi a gcultúr. Bhí suim agam sa teanga ar feadh blianta, ach níor thoaigh mé ag foghlaim caol díreach. Rinne mé staidéar ar chúpla teanga ar scoil, ach níor éirigh mé go maith. Cheap mé gur nach raibh mé ábalta teanga nua a fhoghlaim ar bith agus bhí eagla an domhain orm faoi ag déanamh botúin. Áfach, is maith liom ag sárú mo chuid eagla mar sin thosaigh mé ag fhoghlaim Gaeilge bliain go leith ó shin.

Tar éis blianta ag smaoineamh faoi, thosaigh mé ag fhoghlaim Gaeilge sa slí cheanna mar a lán duine... Duolingo. Rinne mé taighde faoin nGaeilge agus ag foghlaim teanga freisin. Scríobh mé rialtas gramadach i leabhar nótaí agus thosaigh mé ag lorg ar eolas faoin teanga ar an idirlíon. Ar an drochuair, tar éis níl ach mí amháin, d'éirigh mé lagmhisniúil agus cheap mé go raibh mé amaideach as iarracht a dhéanamh. Mar sin, stop mé. Bhí an Bhliain Úr sé mhí i ndiaidh sin agus chuala mé gach éinne ag labhairt faoi rúin na hAthbhliana. Cheap mé faoi ag iarrracht Gaeilge a fhoghlaim arís. Dhéanfainn rudaí ar bhealach difriúil. D'éirigh mé as mar ní raibh aon rud idir mise agus m'intinn roimh seo. Chláraigh mé ar ranganna agus d'inis mé dom féin go ndéanfainn staidéar gach lá agus d'fhreastalóinn gach rang ar an téarma iomlán (ocht seachtain.) Má cheap mé nach raibh mé ábalta Gaeilge a fhoghlaim tar éis sin, stopfainn. Ach ar ndóigh, níor tharla sin mar tá mé ag scríobh é seo bliain go leith tar éis sin. Cad a tharla? Bhuel, rinne mé dul chun cinn sna chead seacht seachtaine agus ansin... chuaigh Nua Eabhrac isteach dianghlasáil agus cuireadh mo rang deireanach ar ceal. Bhí mé i ngrá leis an teanga cheana féin mar sin thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge i m'aonar arís. Ach anois, bhí a fhios agam go raibh mé ábalta a dhéanamh. Rinne mé staidéar ar mo chuid nótaí, tháinig mé ar acmhainní ar an idirlíon, agus tar éis cúpla seachtain, thosaigh mé ag freastail ranganna ar líne. Chaith mé gach nóiméad ag foghlaim Gaeilge i rith na míonna luatha sin. Bhí an Domhan ag streachailt, ach bhí mé ag déanamh a lán dul chun cinn go tapa. Thug sé dóchas dom agus chabhraigh Gaeilge liom mothú mar nár chaill mé bliain de mo shaol. Fuair mé teanga nua as droch-am.

2