An earrach é?
Irish

An earrach é?

by

daily life

An earrach é? Níl mé cinnte i ndáiríre. Nóiméad amháin bíonn sé grianmhar, an chéad cheann eile séideann stoirm aníos ón Antartaice agus reoiteann sí sinn go léir. Mar sin féin, tá mo ghairdín glasraí ag fás, go mall. Tá súil agam an chuid is mó de mo chuid glasraí glasa duilleacha a fhás i mbliana. Amárach rachaidh mé ar thuras isteach sna sléibhte, suas agus thar an Central Highlands. B'fhéidir go mbeidh roinnt sneachta ar an talamh. B'fhéidir go mbeidh roinnt clematis nó waratah amuigh faoi bhláth. Tá súil agam nach mbeidh sé ag séideadh gála. Ar an taobh eile de na sléibhte tá baile deas. Tá an baile an-glas agus tá go leor crann Sasanach ann. Breathnaíonn sé cosúil le Sasana. Tá caifé deas ansin. Stopfaimid agus beidh sos againn ansin. Ceannóidh mé roinnt glasraí deasa trasna an bhóthair, ón siopa ar leis na Bretheren áitiúil é.

0