Mar leanbh níor thaitin spóirt go mór liom. B'fhearr liom an leabharlann ag am lóin nó luascadh ar na crainn saileach chun dul trasna an locha. Ba bhreá liom a bheith sa dúlra, ag snámh san fharraige nó ag marcaíocht ar mo bhrú-rothar suas an sliabh. Nuair a chuaigh mé go dtí an coláiste thosaigh mé ag déanamh yoga. Tháinig spéis ar feadh an tsaoil i Yoga. Tá mé i mo seascaidí anois. Is breá liom fós a bheith sa dúlra, ag siúl agus ag snámh. Uaireanta, nuair a ligeann mo ghlúine mé, téim ag rith chuig an eas in aice láimhe nó síos go dtí an abhainn. Níl suim ar bith agam i spóirt foirne. Is fearr liom féachaint ar an sumo nuair a bhíonn comórtas ann. Chonaic mé an staidiam sumo nuair a chuaigh mé go dtí an tSeapáin cupla scór bliain ó shin. Is é an ceann is fearr liom ná Ura faoi láthair. Tá sé chomh spraoi chun féachaint, mar atá Midorifuji. Ach is dóigh liom go mbeidh Hōshōryū ar cheann de na Yokazunas eile. B'fhéidir ar cheann de na deartháireacha "waka". Níl aon "westerners" sna céimeanna is airde faoi láthair (ach amháin i gcás Aoyama ón mBulgáir) agus mar sin bheith mé ag glaoch do (barrack for?) Kinbozan ar as Kazakstan. Uair sa bhliain is maith le m’fhear céile féachaint ar an Bathurst 1000, rás mór carranna san Astráil. Breathnaím ar chuid de agus mé ag déanamh rudaí eile. Téann sé an lá ar fad. Is maith liom freisin féachaint ar bhuaicphointí Railí Dacár gach bliain, go háirithe na rothair agus na trucailí.