Ag bualadh lena chéile
Irish

Ag bualadh lena chéile

by

language learning
dialogue

Páidín Mhicil Bhríd: Hóra, a Shéamuis. Cá bhfuil tú ag gabhail?

Séamus Róise Taimín: Sé do bheatha a Pháidín. Níl mé ach ag spaisteoireacht ar maidin.

Páidín Mhicil Bhríd: 'Is lá álainn 'tá ann le beagáinín siúil a dhéanamh. Níl ach brat ceo breactha orainn inniu, muis'.

Séamus Róise Taimín: Muise, nach mar sin é, a chara. Cén chaoi a bhfuil do dheirfiúr Brídín?

Páidín Mhicil Bhríd: Tá sí ag teacht chuici héin le cúpla lá anuas, bail ó Dhia uirthi. Aon scéal uaitse, a chara? Chuala mé go mbeidh tú ag taisteal go dtí Dún na nGall le gairid.

Séamus Róise Taimín: Ah, drochscéal, a mhac. Fuair mo chol ceathrar bás inné i nGort a' Choirce, go ndéana Dia grásta air.

Páidín Mhicil Bhríd: Ní maith liom do thrioblóid. Céard a tharla?

Séamus Róise Taimín: Ailse a bhí air.

Páidín Mhicil Bhríd: An fear bocht. Tabhair mo chomhbhrón le do mhuintir, a Shéamuis.

Séamus Róise Taimín: Tabharfaidh go deimhin a Pháidín. Ó, tá mé ag súil go mór len-iad a fheiceáil. Ceoltóirí den scoth atá iontu den chuid is mó agus is mór an spórt iad. Caithfidh mé m'fheadóg stáin a thabhairt liom.

Páidín Mhicil Bhríd: Aireoimid tú uainn ag an deireadh seachtaine. Ní bheidh an ceol leath chomh maith i d'uireasa!

Séamus Róise Taimín: Ara, seafóid. Nach mbeidh an Ciarraíoch óg sin ann?

Páidín Mhicil Bhríd: Cé hí sin?

Séamus Róise Taimín: Cara a thug Orlaith Pheigín Mhóir ar ais ón ollscoil. An-cheoltóir atá inti dar le Síle. Cén t-ainm atá uirthi... Áine, ceapaim. Sea, Áine Ní Chonchubhair. Sin í anois, os comhair an tsiopa. Bean deas lách, fan go mbuaile tú léi...

Siúlann siad soir an bóthair go triúr ban atá ina seasamh os comhair an tsiopa, ag féachaint ar sceach beag a bhfuil bláthanna buí uirthi.

[Bean óg rua ag caint: ...agus b'in an fáth a thugtar 'Meas Torc Allta' air.

Bean ard dathúil le gruaig dhorcha uirthi: Nach iontach an t-eolas atá agat, a Nóra!

Bean álainn bheag agus meangadh gáire uirthi: Seans go mbeidh sí ag dul go Gaillimh i gceann bliana nó mar sin le haghaidh chéim bitheolaíochta a bhaint amach. Feiceann sí na fir ag teacht agus casann sí ina dtreo len-iad a bheannú. ]

Máire Pheigín Mhóir: Haigh leaids, aon scéal?

Séamus Róise Taimín: Bail ó Dia ort a Mháire. Bhí Páidín ag déanamh imní faoin gcaighdeán ceoil i m'uireasa. Níor bhuail sé fós le bhur gCiarraíoch ban agus a béal binn. Fan go gcloise tú í a mhac, a dúirt mé leis.

Máire Pheigín Mhóir: Bhuel a Pháidín, seod í Áine Ní Chonchubhair. A Áine, seod é Páidín Mhicil Bhríd.

Áine Ní Chonchubhair: Tá sé go deas bualadh leat a Pháidín.

Páidín Mhicil Bhríd: Deas bualadh leatsa freisin a Áine.

Máire Pheigín Mhóir: Tá Páidín tar éis seal a chaitheamh ag obair sa mBreatain Bheag, a Áine.

Áine Ní Chonchubhair: Ambaiste! Cá rabhas, a Pháidín? Tá col cúigear agam ansan.

Páidín Mhicil Bhríd: 'Dháiríre! Bhí mé sa tuaisceart, i nGwynedd, den chuid is mó. Cá'il cónaí ar do chol cúigear?

Áine Ní Chonchubhair: Tá cónaí uirthi anois in iarthar na tíre. Ní cuimhin liom go díreach cén baile... Is as Aberdare é a fear céile ach d'oibreodh a athair i gCaernarfon ar feadh na blianta. Tá aithne mhaith aigesean ar thuaisceart na tíre ar fad dá bharr san. Ar thugas cúirt ar Ynys Môn?

Páidín Mhicil Bhríd: An é sin an t-oileán mór taobh thuaidh don cheantar? [Claonann sí a cloigeann.] Thug, gan dabht.

Áine Ní Chonchubhair: Agus cad a cheapais? Nach bhfuil sé go hálainn?

Páidín Mhicil Bhríd: Tá, go deimhin. Cé nach raibh mé ann ach tamaillín, chonaic mé neart daoine ag an aonach i lár an tsamhraidh.

Séamus Róise Taimín: Beidh sibhse mór lena chéile gan mhoill ar bith, déarfainnse. Ach gabhaigí mo leithscéal, tá orm imeacht go luath más maith liom síob go Gaillimh a fháil roimh luí na gréine.

1