Is ceist dheacair í a fhreagairt. Mothaíonn go bhfuil an domhan ag druidim chun deiridh le blianta beaga anuas. Ach, ag an am céanna, tá mé cinnte gur mhothaigh daoine an bhealach céanna céadta uair roimhe seo. Tharla a lán tréimhsí uafásacha sa stair. Bhí a lán báis. Bhí daoine ag fulaingt le galar agus tinneas. Bhí cogaí ann.
Ach tá muid fós anseo.
Tá muid fós beo.
Mhothaigh mé éadóchasach go leor uaire i rith mo shaol. É sin ráite, bhí rudaí maithe ina measc na eagla gach uair a cheap mé nach raibh aon dóchas fós ann. Fiú le déanaí. Dá gcuirfeá ceist orm i mí an Mhárta 2020 cad a cheap mé a bheadh sa saol anois, ní cheapfinn go mbeinn beo, sásta, agus ag scríobh as Gaeilge.
Níl mé cinnte conas a bheidh an domhan i gceann 50 bliain. Tá rud amháin is féidir liom a dhéanamh: dóchas. Tá dóchas agam go mbeidh cúrsaí níos fearr ar duine as gach cúlra i gceann 50 bliain. Tá dóchas agam nach bheidh COVID ag cur isteach ar ár saol.
Ní cheapaim go mbeidh gach rud foirfe nó gan streachailt. Tá a fhios agam go mbeidh daoine ag troid, ag fuath, agus ag fulaingt i gcónaí. Ar an drochuair, ní bheidh é sin ag athrú go réadúil. Ach tá súil agam go mbeidh muid ag déanamh dul chun cinn i gcónaí.