Déan cur síos ort féin mar phaiste.
Irish

Déan cur síos ort féin mar phaiste.

by

lifestyle
daily life
family

Ní raibh mé sásta leis an ngnáthshaol nuair go raibh mé óg. Is cuimhin liom ag samhlú deiseanna eile, saolta eile. Bhí mé i gcónaí ag déanamh scéalta agus ag iarradh níos mó a dhéanamh. Chaith mé a lán ama ag teach m'aintíní. Is cuimhin liom ag déanamh scéalta le aintín de m'aintíní sa seomra cúil. Lig orainn féin go raibh muid na carachtair as na scéalta. Chaith muid uaireanta a chlog ag samhlú go raibh muid i gcaisleán mór nó ag obair mar dhearthóirí faisin. Tar éis sin, shuigh muid in éineacht le m'aintín eile ag an mbord ag ól tae fad is go raibh siad ag insint scéalta dom faoi na háiteanna a ndeachaigh siad agus na rudaí a bhí déanta acu.

Ní raibh aon ghá le fantaisíocht acu. Bhí saolta iontach suimiúil acu. Is cuimhin liom ag iarradh a bheith duine fásta nuair go raibh mé óg. Bhí mé ag iarraidh mo roghanna féin a dhéanamh agus saoirse a fháil. Bhí mé chomh óg ag an am, b'fhéidir cúig nó sé bliain d'aois. Ach chuir siad i bhfeidhm orm. Mhúin siad domsa nach raibh bhealach amháin do shaol a caitheamh.

Níor phós ceachtar acu riamh agus ní raibh aon páistí acu, ach bhí saolta lán le taithí, cairde, agus scéalta maithe. Níor cheap mé faoi sin go dtí mé níos sinne ach thógadh mé gan brú aon rud airithe a dhéanamh. Buíochas leo, bhí mé saor i gcónaí mo bhrionglóidí a leanúint.

(QuantaStudy Journaling Challenge - Intermediate 6)

1