Cad é an rud is greannmhaire a tharla duit?
Irish

Cad é an rud is greannmhaire a tharla duit?

by

travel
non-fiction
adventure
philosophy
wildlife

Cad é an rud is greannmhaire a tharla dom? Is ceist dheacair é. Tharla a lán rudaí greannmhara domsa i mo shaol. Tá claonadh agam a bheith ag cuardach ar rudaí greannmhara in amanna deacra. Níl sé i gceist agam a bheith drochmheasúil, áfach, tá sé an bealach a dhéileálaim le cúrsaí crua. Ceapaim go bhfuil sé cabhrach liomsa a bheith ag smaoineamh an bealach sin mar is féidir liom cúrsaí díomá nó cúrsaí scanrúla fiú a athrú go scéalta grinn.

Tá dearcadh céanna ag na daoine i ngrúpa cairde atá agam. Téimid ar laethanta saoire le chéile gach bliain agus tarlaíonn rud éigin mícheart gach turas gan teip. Mar shampla, chéim mo chara ar chuán mara ar ár gcéad lá i Haváí. Ní raibh aon fhón póca againn agus ní raibh aon gharda tarrthála ansin. Mar sin rith mé go dtí bialann in aisce leis an trá agus dúirt mé leis an bhfreastalaí cad a tharla.

'Is dócha gur wana a bhí ann.' Arsa an freastalaí, ag gáire. 'Ach is féidir liom 911 a glaoch duit.'

Ní raibh clú ar bith agam cad a bhí i gceist le wana, ach ghabh mé buíochas leis agus d'fhann mé ar an otharcharr. Bhuail mé leis na teicneoirí leighis éigeandála nuair a tháinig siad ansin. Fad is a bhí muid ag siúl go dtí an trá, d'inis mé cad a tharla leis na teicneoirí. Thosaigh siad ag gáire arís agus dúirt siad "Is dócha gur wana a bhí ann."

Bhí ceart acu.

Wana a bhí ann.

De réir dealraimh, is cuán cineál neamhdhíobhálach é. Mar sin, thosaigh mise agus mo chara féin pictiúir a thógáil leis na teicneoirí agus mo chara bocht sa chúlra. Bhí sé ceart go leor.

Má tharla sin go grúpa cairde eile, tá seans go mbeadh siad ag gearán faoin am caillte ag déileáil leis nó déarfadh an duine gortaithe 'Cén fáth mise?' Ach bhí muid (an duine gortaithe san áireamh) ag gáire faoi sin agus dúirt sé féin go bhfuair sé scéal iontach as ar a laghad.

Ceapaim go bhfuil sé tábhachtach a bheith ag gáire faoi na rudaí deacra, scanrúla nó díomách sa saol uaireanta. Tarlóidh siad agus nach bhfuil aon rud ia féidir leat a dhéanamh chun iad a stopadh. Ach, is féidir liom a athrú conas a bhraitheann tú faoi. B'fhearr liom gáire ná caoin.

Ach, é sin ráite, an bhfuil é sin an rud is greannmhaire a tharla dom? Ní hea. Tá sé ródheacair scéal amháin a roghnú.

(QuantaStudy Journaling Challenge - Intermediate 1)

0