An Staraí Cormac Ó Comhraí (Cuid 01)
Irish

An Staraí Cormac Ó Comhraí (Cuid 01)

by

history
walking
transcription

Seo an podchraoladh i gceist https://www.rte.ie/radio/rnag/clips/21957476/

Anois, tosóidh muid le cúrsaí staire ar maidin. Tá roinnt cainte déanta againn ar an gclár le scaitheamh faoin méid a thit amach an taobh seo tíre le linn Chogadh na Saoirse céad bliana ó shin. Ach ní minic a chloiseann muid faoin pháirt chinniúnach a bhí ag na mná i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh Cathardha. Cúis amháin atá leis sin ná go raibh sé níos éasca eolais a bhailiú faoi dhaoine a gortaíodh, a maraíodh agus a rinne priosún ach bhí rólanna sinsearacha ag na mná iad féin ag cur beatha agus dídean agus ag cur leighis ar fáil, (...). Bhí baint acu le cúrsaí faisnéise ag bailiú eolais do na nuachtáin agus mar sin de. Bhuel, labhair mé leis an staraí Cormac Ó Comhraí trathnóna de hAoine seo caite agus rinne sé cur síos dom ar chuid na mná an taobh seo tíre a rinne a gcuid ar son na cúis.

Ceann na rudaí suntasach faoin tréimhse seo i gConamara ná go raibh rólanna sinsearacha ag mná ar bhealach, b'fhéidir, nach mbeadh in áit eicínt eile. Now, tá sé deacair míniú a thabhairt go díreach cén fáth go raibh sé amhlaidh ach (...) Alice (*name*), bean í a raibh teach aici thiar i gConamara, thiar ar an gcaiseal. Agus toghadh Alice (*name*) ina comhairleoir condae i 1920.

0