[This is a transcript of Comhrá from the beginning to 02:05. I'm sorry for the many gaps 😅. I used dialectal spelling in some places]
- Go mbeannaí dia dhaoibh agus tá fáilte romhaibh ag clár na seachtaine seo. Fear as An Spidéal a bheas ag comhrá liom ar an gclár seo anocht, sin é Tadhg Ó Conghaile. Ta sé ina chónaí i nDoire Locháin Thoir ach is in oileán Inis Treabhair a rugadh agus tóigeadh é. Ocht mbliana déag agus fiche a chaith sé ag obair ag Údaras na Gaeltachta nó gur éirigh sé as, tá, cúpla bliana ó shin. Agus tá baint mhór aige le Cumann Lúthchleas Gael le fada, eidir clubannaí agus bord chondae. Fáilte a Thaidhg.
- Go raibh maith agad, a Mháirtín.
- An dtosódh muid le Inis Treabhair anois, d'áit dhúchais, an áit a rugadh agus tóigeadh thú?
- Sea, tá .... Rugadh mé i 1958 (a naoi déag caoga a hocht), an chaoi sin, agus nuair a chuaigh mé ag an scoil, is dóigh, i 1962 (a naoi déag seasca a dó), bhí ocht gasúir déag ag an scoil ... agus i scoil aon mhúinteoir amháin a bhí ann agus aon rang amháin a bhí ann. {Agus tá (an t-ádh?) go leor sa ranga a raibh mise ann bhí ceathrar 'ainn 'is mise cúpla bliain ann so bhí cuid na rangannaí. (not sure about this whole sentence)} Agus an bhean a bhí 'ainne, an múinteoir a bhí againn Máire Ní Chonghaile as an bPúirin, sa Spidéal uaithi, a bhí sí, agus 's í a bhí 'ainne ó chéad lá ... scoil gur fhág mé an scoil.
- Aon/an múinteoir amháin a bhí agadsa?
- Múinteoir amháin, an chaoi sin, agus 's í a bhí ag múnadh an scoil iomlán.
- So, raibh— raibh sibh uilig in aon seomra amháin agus-
- Aon seomra amháin, yeah, agus-
- Ó na naíonán suas go-
- Suas go dtí an rang 6 (a sé) nó an rang 7 (a seacht) ??
- Ah, 's í a bhí?
- Yeah, bhí.
- Agus an raibh an té a bhí sa naíonán feoighlim an rud a bhí ag ranga a sé, beagnach?
- Ní raibh dáiríre, is dóigh ... obair don naíonán agus ... an rang 6 (a sé) ... cúnamh dhóib agus ... múinteoir sin a mhúin an rang 5 (a chúig) agus an rang 4 (a cheithre) ... roinnte d'iompar a bhí sin a bhí sin. .... ag foghlaim go leor ... mar nach an múinteoir ag múnadh staire ... do ranga 6 bheadh tú ag éisteacht agus bhí ... b'fhéidir ... an chaoi sin.
- Tá 's 'am.
Go raibh míle maith agat! D'úsáid mé litriú canúnach go leor uaireanta chun an méid a deireann an t-agallóir a scríobh go beacht